Ce site web porte le label AnySurfer, une marque de qualité belge pour les sites accessibles. Vous trouverez plus d'information sur www.anysurfer.be.

Sauter directement au texte
Accueil | Plan du site | De A à Z | Recherche

Vous êtes ici: Accueil  >  Europe & international  >  Europe  >  Présidence belge du Conseil de l'UE & Bruxelles  >  En irlandais (ga)
Présidence belge du Conseil de l'UE & Bruxelles

Brussels and the Belgian Presidency of the Council of the European Union (ga)


   

An Bhruiséal agus Uachtaránacht Bheilgeach ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Ó 1 Iúil 2010 i leith, bhí an Bheilg ina huachtarán ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus dá bhrí sin tá ról tábhachtach aici chun gníomhaíochtaí na hEorpa a eagrú agus a spreagadh. Cuireann an tUachtaránacht Bheilgeach seo an Bheilg i gceartlár na hEorpa, níos treise ná mar a bhí sí cheana.

Is é sin le rá, go n-eagraíonn agus go ndíríonn an tUachtaránacht Bheilgeach gach cruinniú de Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Tá sí i mbun réiteach agus comhghéilleadh a chuardach idir na mBallstáit agus idir institiúidí eile na hEorpa comh maith. Mar chríoch, déanann an tUachtarántacht Bheilgeach ionadaíocht don AE sna limistéir beartas eachtrach agus beartas slándála.

Fáilte chuig láithreán gréasáin Chathair na Bruiséile

Cuireann láithreán gréasáin Chathair na Bruiséile ar a gcumas do scimeálaithe ar an Idirlín Príomhchathair na hEorpa a fhionnadh. Cuimsítear níos mó ná 1,000 bliana de chultúir, de stair agus d'oidhreacht sa Bhruiséal.

Ar láithreán na Bruiséile soláthraítear eolas agus radhairc ar an gCathair do cuairteoirí. Sa mhodh seo cuireann an ceamara gréasáin ar do chumas amharc ar Grand-Place na Bruiséile, suíomh oidhreachta domhanda de chuid UNESCO, idir lá agus oíche. Soláthraíonn ceamara eile amharc uathúil de Place de Brouckère, agus soláthraíonn an ceamara deireannach, atá suite ar an Atomium, amharc lánléargais ar ardchlár Heysel ar a bhfuil an Stade Roi Baudouin suite.

Le cuairteanna fíorúla cuirtear an cuairteoir i lár an aonaigh i sainchomhartha mór le rá na Bruiséile mar Halla na Cathrach, an Atomium, an Petite Rue des Bouchers ar an Ilot Sacré, foirgnimh Choimisiúin na hEorpa, na cearnóga agus na gealaraithe and Ardeaglais Naomh Michel agus Naomh Gudule.

Cuairteoirí agus teachtairí nua

Soláthraíonn an láithreán gréasáin saineolas atá dírithe ar chuairteoirí, lena n-áirítear cuairteoirí gnó (mar shampla, rannpháirtithe i gcomhdhála, in aontaí agus i seóanna trádála). Dá bhrí sin beidh na cuairteoirí seo ar eolas conas an Bhruiséal a aimsiú (aerfort, traen) agus conas gabhail thart sa chathair, go mórmhór le húsáíd an choras iompair phoiblí. Beidh siad in ann teacht ar na mionsonraí teagmhála go léir le haghaidh seirbhísí eolas cuairteora (d'fhéadfaí teacht ar chomhairle agus ar léarscáileanna cathrach ann comh maith), maraon le heolas nó nascanna le leathanaigh maidir le cóiríocht sa Bhruiséal (óstáin agus óstlanna do dhaoine óga i leith), nithe is díol spéise do thurasóirí (mar an dealbhscairdeán Manneken-Pis, íomhá na Bruiséile), iarsmalanna na Bruiséile, mar shampla, na Musées de la Ville (Iarsmalanna na Cathrach), an Musée Magritte agus Lárionad Stiallghreannán na Beilge.

Léirítear bróisiúir thurasóra nó bróisiúir maidir le hoidhreacht agus stair na Cathrach ar an láithreán. Comh maith le sin, d'fhéadfaí iad a íoslódáil nó a bhrabhsáil ar líne (oidhreacht stairiúil).

Tá mír ann le haghaidh teachtairí nua chun cabhair a thabhairt dóibh lonnú i mBruiséal. D'fhéadfaí go mbeadh baint ag an eolas seo le forálacha rialúcháin (síniúchán an chláir dhaonra) comh maith le seirbhísí a mbeadh fáil orthu ag cónaitheoirí nua anois nó sa todhchaí (cuardach ar chóiríocht, naoíolanna, scoileanna, clárúchán le haghaidh seirbhísí éagsúla, agus araile)

Gníomhaíochtaí ar chlár oibre na Bruiséilee

Bíonn go leor gníomhaíochtaí ar siúl sa Bhruiséal. Soláthraítear eolas ar láithreán gréasáin na Cathrach maidir le gníomhaíochtaí poiblí, cultúrtha, lúthchleasa nó caithimh aimsire agus faoi imeachtaí ar an mórchóir.

Is féidir úsáid a bhaint as clár (maraon le hinneal cuardaigh) chun rogha a dhéanamh as réimse mór imeachtai agus léiriúcháin, go háirithe le linn an dara leath de 2010 nuair a bheidh iad seo a leanas ar siúl, Mór-fhéile Ríoga Ommegang (athchruthú mhórshiúl an Impire Séarlas V agus siamsaíocht stairiúil eile), céim den Tour de France, Bruxelles les Bains (cruthú ionad saoire le huisce sa chathair), an Foire du Midi (Aonach Midi), Brussels Summer Festival (Féile Samhraidh na Bruiséile), Cairpéad na mBláthanna ar an Grand-Place, an Nuit Blanche (siamsaíocht go maidin), Maratón na Bruiséile, na Plaisirs d'Hiver (siamsaíocht geimhridh) agus Margadh na Nollag, agus araile.

Tá láithreán gréasáin Chathair na Bruiséile inrochtana as 3 teanga: Fraincis, Ollannais agus Béarla.


urgences    |     services de garde    |     infos services    |     offres d'emploi    |     location immobilière    |     marchés publics
Nouvelle fenêtre avec les auteurs du site web. Cette page ne correspond pas aux directives AnySurfer.
Grand-Place
1000 Bruxelles
Boulevard Anspach 6
1000 Bruxelles
N° de tél. général
+32(0)22792211
AnySurfer, label de qualité belge pour les sites web accessibles
Site créé et hébergé par GIAL.
Ce site web porte le label AnySurfer, une marque de qualité belge pour
les sites accessibles. Vous trouverez plus d'information sur www.anysurfer.be.